School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 030
- XML “Scéal Ridire na Farraige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sicíní diabh. "Anois" ars an Ridire "togha do mhac". Bhí an Rí ag breathnú is ag fanacht go bhfaca sé sicín a raibh spota bán faoi na sgiathán. Leag sé a mhéar ar an spoitín & d'éirigh an mac suas chomh maith is bhí sé riamh.
"Mo bheannacht dhuit féin & mo mhallacht do bhéal do mhúinte". D'imthigh an Rí leis, é féin & a mhac & nuair a bhí siad ag áit áithrid dúbhairt an mac go mbeadh aonach in a leithéad seo d'áit a mbáireach & go ndéanfadh sé féin stail de féin & go mbeadh a athair dhá dhíol. "Ach ar a bhfaca tú ariamh ná tabhair uait an t-adhastar".
Rinne an Rí amhlaidh & ba ghearr go dtáinic fear thart & gur fhiafruigh sé céard a bheadh ar an stail breágh aige. "Lán mo hata d'ór" ars an Rí. Bhíodh sé 'na mhargadh ars an ceannachóir. Nuair a bhí sé díolta, bhain an Rí dhe an t-adhastar & d'imthigh gach duine in a bhealach féin.
Ní raibh an Rí i bhfad ó bhaile gur tháinic an mac suas leis. "D'éirigh an lá indiu go maith linn" ars an Rí "ach tá faitchíos orm nách n-éireochaidh chomh maith ambáireach". "a b'fhéidir go n-éireochaidh" arsa an mac.
Lá'r na bháireach thárla an cleas céadhna. Dhíol sé an mac. Fuair luach maith air & tháinic sé go dtí é aríst. "Tá an lá indiu linn" ars an Rí "ach tá faithchíos orm nách n'éireóchaidh linn ambáireach". Tiocfaidh Ridire na Fairrge ambáireach do mo cheannacht, & sé'n áit a mbeidh an t'aonach thíos ar an tráigh, & ar a bhfaca tú ariamh ná déan dearmad ar an adhastar thar aon lá".(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe