Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 029
- XML “Scéal Ridire na Farraige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an Ridire a mhac a thabhairt ar ais faoi cheann lá & bliadhan.
D'imthigh lá is bliadhain thart acht níor tháinig an Ridire ná mac an riogh. Nuair a b'fhada leis an Rí go raibh siad ag tigheacht d'imthigh sé leis go dtí an domhan thiar. Tháinic sé isteach i dteach ann agus ní raibh aon dhuine istigh ach sean-fheairín & bhí féasóg air a bhí ag dul amach an doras & bhí gruaig air a bhí ag dhul suas an seimiléar. D'fhiafruigh an Rí de, an raibh fhios aige cá raibh teach Ridire na Fairrge. "is goire deoch ná scéal" arsa an sean-fhear & ghléas béile do'n Rí. D'ith & d'ól sé féin & an Rí a ndóthain. Annsin thosaigh an sean-fhear ag innsint a sgéil fé mar a chuir an Ridire faoi a dhraoidheacht é féin gan aon liobar gruaige a bhaint de nó go mbainfeadh Rí Éireann de í "agus má's é do thoil é bainfidh tusa díom anois í". "Bainfidh & fáilte". Annsin bhain sé de an ghruag & an féasóg.
Annsin d'innis an sean-fhear dó go dtabharfadh an Ridire a roghainn dó ar trí cinn déag de sicíní & dá leagfadh sé lámh ar a mhac féin go mbeadh sé aige. Dúbhairt an sean-fhear leis go raibh spota bán faoi na sgiathán dheas & dá leagfadh sé lámh ar an spota sin go mbeadh aige. "Slán leat anois" ars an Rí & d'imthigh sé leis go teach an Ridire.
Bheannuigh sé isteach & bheannuigh an Ridire dó & fáilte roimhe. D'fhiafruigh sé dhe cá raibh a mhac & dúbhairt an Ridire go raibh sé amuigh ag bualadh báire. Ghlaoidh sé isteach i seomra orra & rug sé ar a shlaitín dhraoidheacht & rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe