Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Máire agus an Bheirt Fhear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainm an duine a bhfuarthas an sgéal uaidh:- Máire, Bean Uí Fhineachta.
    A sheóladh:- Doire Fhatharta, An Cheathramha Ruadh,
    A aois:- 57 bl.
    A Ghairm Bheatha:- Bean Fheilméara.
    An áit ar (tog) rugadh is 'nar tógadh é:- Rugadh is tóigeadh i nDoire Fhatharta í agus istigh 'na baile féin a phós sí. Tá sí beo beathaidheachfós ann. Chuala sí féin na sgéalta óna h-athair i rith a h-óige.
    Máire agus an Bheirt Fhear.
    Bhí cailín ann fadó agus 'sé an t-ainm a bhí uirthi, Máire. Bhí sí ag obair in éinfeacht le daoine eile. Oidhche amháin tháinig daoine ag iarraidh muinntir an tighe ag bainfheis agus d'fhan Máire agus na páistí istigh.
    Ní raibh siad i bhfad imthighthe nuair a tháinig fear isteach agus éadach mná air. D'fhiafruigh sé dho Mháire an raibh aon nidh aici le h-aghaidh an tsuipéir agus dubhairt sí go raibh feóil. Annsin chuaidh an fear ag iarraidh na feóla agus nuair a chuaidh chonnaic Máire é agus thit sí siar sa seomra. Annsin tháinig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire, Bean Uí Finneachta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe