Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 311
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na h-Aille agus ceann eile in Imloch. Mac Neece an t-ainm a bhí ar an múinteór a bhí in Oileán Umaidh. Do tháinig sé ó Bláth Cliath. Do bhí timcheall cúig 's fiche páisdí ag dul go dtí Mac Neece. Booth an t-ainm a bhí ar an múinteór a bhí in Bárr na h-Aille. Lá amháin do tháinig buachaillí go dtí an scoil seo agus do bhris siad na fuinneóga agus na clogana a bhí sa scoil agus do bhí siad ag an gcúairt a bhí sa Gaillimh in a dhiaidh sin. MacConraí an t-ainm a bhí ar an múinteór a bhí in Imloch. Do bhí timcheall triochad páisdí ag dul go dtí an scoil a bhí in Imloch. Do bhí teampall mór in Imloch agus do théigheadh na daoine Protastúnacha go dtí an teampall sin gach Domnach. Stróinséarí do b'eadh an cuid ba mhó de'n na múinteóirí Protastúnaigh. Ní raibh mórán Ghaedhilge ag na múinteóirí. Daimhín darbh ainm a bhí ar an Ministir Protastúnach a bhí in Imloch. Do bhí sé in a chomhnaidhe san áit atá teach an t-sagairt anois. Do théigheadh na múinteóirí Protastúnacha ó áit go h-áit anois agus arís. Múinteóir Protastúnach dob eadh Crusheen agus do bhí sé in Oileán Umaidh roimh Mac Neece. An t-athair Rhattigan a bhí an sagart Chaitilicach an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Risteárd Newman
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe