Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 298
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go léir. Acht i lár an sgéil tharraing sé an t-iarann amach go fíor-thapaidh, agus bhuail sé ar an inneóin é go mear 's go láidir, d'imthigh cirth mór dileóg air agus sgeinn an fear bocht a chúl agus thuit sé ar an urlár.
Phléasg gáiridhe ar an ngabhainn. Nuair d'éirigh an fear tinn bhí mórán fola in a bhéal acht bhí an fiacal imthighthe. Bhí sé ar ceann na sringe. "Mo chorp ón diabhal" ar seisean "Níor mhothaigh mé é ag teacht amach ar chor ar bith". "Nár innseas sin duit" ars an gabha "Téigh abhaile anois agus nuair bhéas sé de dhith ort-sa arís fiacal a tharraing amach béidh fhios agat-sa cá dtiocfaidh tú". - Seo scéal grinn a thuit amach le deireannaighe sa gClochán i gCoin Mhaicne Mara. Chonnaic na daoine "fear" an oidhche seo (23adh D. Fóghmhair 1937) agus bhí cinnte go raibh sé marbh agus curtha le trí seachtmhainí. Micheal Ó Fatharta, An Cladach Dubh, An Clochan, an "fear" atá i gceist.
Tá sé timcheall a seascadh bliadhina d'aois - sin a bhí ar an gcomhrain a tháinic ó teach na mbocht i mBaile Locha Riabhach, agus a cuireadh sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Íde Ní Thuarthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe