Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)orm," agus do chaith sé an sagairt dá druim.Lá amháin bhí fear ag dul ar an sráid sa mbaile mór agus clog mór ar a ghualainn aige. Nuair a bhí sé ag dul thar choirnéal bhuail sé in aghaidh fhir mhóir reamhair, agus leag sé é, agus thuit an clog air. "Ó tá aithmhéal orm" ars an fear a raibh an clog aige. "Níl mé gortuighthe" ars an fear mór reamhar, "acht tuighe sa diabhal nach gcaitheann tú uaireadóir ar nós gach duine eile". Nuair a chuaidh sé abhaile d'oscail sé an mála agus fuair sé amach go raibh an clog briste. Bhí aithmhéal air annsin. Nuair a tháinic a mháthair isteach, dubhairt sí "Ó, a Sheáin, céard a thárla dhuit" agus dubhairt sé léi "Nuair a bhí mé ag dul thar coirnéal sa mbaile mór, do bhuail mé in aghaidh fhir mhóir reamhair agus do bhris sé an clog orm."
- Tá cloch mór draoidheachta sa Rinn an Mhaoile in aice sléibhte Connamara. Dá n'iompóchadh duine an chloch sin do thiocadh gaoth láidir. Tháinic fear amháin, agus chuir sé an chloch sa mbád. Chuaidh sé amach, amach, san fhairrge. Nuair a bhí sé amuigh thóg sé í agus chaith sé amach sa bhfairrge í. Annsin chuaidh sé abhaile. Chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cadhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57