Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 304
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)hAille anois. Do bhí scoil i n-Imloch i dteach agus do chuaidh an múinteóir síos go Ros a Dilisg i dteach eile. Do bhí daoine ina gcomhnaidhe ins na tighthe sin. Do bhí scoil eile i gCluain agus do bhí ceann eile fós i nEachros.
Do bhí fear darbh ainm Mac Gibbiún agus bean darbh ainm Miss Ball ag muineadh ins an scoil a bhí i n-Imloch. Stróinséirí a bhí ionnta. Do bhí Samuel Frayer ann ag tabhairt amach bhíd. Bhí siad ag iarraidh na Caitilicigh a mheallad chun scoile díobh agus thugaidís éadaighe agus biadh dóibh muna ghlachfadh na Caitilicigh iad. Duine ó'n gceanntar a bhí ann. Do bhí fear darbh ainm Millea agus fear eile darbh ainm Ó Conaill ag múineadh in an ceann a bhí sa mBaile Nua. Do bhí feár darbh ainm Booth agus fear agus a inghean darbh ainm Mc Cárthaigh ag múineadh ins an ceann a bhí i mBárr na hAille. Fear darbh ainm Crusheen a bhí ag múineadh ins an ceann a bhí i nOileán Iomaidh. Dia Domnaigh dá raibh é féin agus daoine eile ag teacht amach as Iomaidh ag dul go a dteampaill a bhí sa Selerna in aice le teach an tsagairt anois do casad na Caitilicigh a bhí ag dul ar aifreann ortha. Do bhí beirt phóiliní ag teacht le Crusheen ag tabhairt aire dó. Do tosuigh troid eatortha agus bhí na phóiliní ag iarraidh iad a chur cun suaimhnis agus do mharbhúigeadh duine aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Íde Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Clochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirnín, Co. na Gaillimhe