Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar meisge. Tig leat annsin do rogha baís a thabhairt air. Bhí go maith, ditheadar an dinnéar. "Cuirim geall leat" arsa mac Rí na dturcach "nach bhfuil aon fhear sa domhan atá i n-an an oiread fuisge liom ól".
"Cuirfe mise geall leat go n-olfaidh mé an oiread leat" arsa mac Rí Éireann.
Dól agus dfanadar ag ól gur thuit mac Rí Eireann ar meisge. Ní dearna mac Rí na dturcach acht breith air a's é cheangal a's é chaitheamh sa gclúid go maidin.
"Anois" ar Seisean le na h-aon bhean deag ar maidin lár na bháireach, "cén bás is fearr libh a thabhairt air." "Bhuel" ars an bhean ba sine aca "níor mhaith linn go bhfuigheadh sé bás ar bith". "Is leis bás fháil" ar seisean agus pér bí cén bás a déarfas tú sin é an bás a gheobhas sé". "Tabhairt leat mar sin é" ar sise "a's caith amach sa bhfairrge é agus leig dó bás fháil ar an bhfairrge".
"Deanfaidh mé sin" ar seisean. Chroch sé leis é ar mullach aille os cionn na fairrge le na chaitheadh amach. "Anois" ars an bhean ba sine "Táim ag iarraidh aon achuiní amháin ort. An dtiúra tú cead dom aon phóg amháin a bhaint dó sula gcaitfe tú amach é." "Tiúrad" ar seisean. Nuair a chrom sí leis an bpóg a bhaint dhó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe