Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuitim amach le n-ár gcliamhain thug muid an t-oileán sin dó. An bhliain na dhiaidh sin arís tháinig sé ag iarraidh an triomhadh oileáin, agus tá muid ag troid leis anois le seacht mbliana acht tá muid chomh dona anois is bhí muid ariamh. Níl aon fhear á mharbhóchaidh muid sa ló nach bhfuil beo san oidhche agus iad romhainn lár na bháireach le troid. "Manam go mbéidir go dtiurainn-se lámh conganta amáireach díbh" arsa mac Rí Éireann.
Chaitheadar an oidhche sin go spoirtiúil, trian le sgéaluiocht, trian le fiannuiocht agus trian le sanam sáum. Blas na meala ar gach aon ghreim a's níor itheadh aon greim tur gur eirigh an lá. Chuaidh siad a chodladh. Maidin lár na bháireach deirigh an triúr fathach, agus fuaireadar a mbricfeasta agus bhí mac Rí Éireann na chodladh. "Suarach an gaisgidheach é seo" arsa fathach aca "a's gan é corruighe gen leabaidh fós". Chuala mac Rí Éireann é agus deirigh sé go léim. "Is dóighe" ar seisean "narbh fíu dibh glaodhach orm acht b'éidir go mbéinn sathach luath fós". Dith sé a bhricfeasta. "Ní lá conganta é mara bhfágaidh mé sa mbaile indiu sibh" arsa mac Rí Éireann. "Cén bealach a ghabhfas mé anois."? "Muise" ar siad-san "tá an casán sathach buailte a'inne agus lean dhó. Tá trí chroc romhat. Má théigheann tú ar an dara croc beidh trian siúil a'd orainne a's mhá théigheann tú ar an triomhadh croc beidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe