Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)

Suíomh:
Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Ó Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmucadha
  2. XML Leathanach 051
  3. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Fiabhras
    Nuair a lobh na fataí cailleadh na mílte daoine leis an ocras. Nuair a bhí na daoine dhá gcailleadh chomh tréan sin deirigh galar uathbhásach sa tír an fiabhras.
    Bhí na daoine dhá gcailleadh ins na garrannta agus chois na gclaidheacha.
    Bhí bean thiar i Muicneach-idir-dhá-Sháile a dtugaidís Máire Thomáis Seóige uirthe. Cailleadh a fear agus a cúigear mac aon oidhche amháin.
    Bhí sí fhéin go dona freisin agus ní raibh sí indon an sé chorp a thabhairt go dtí an roilig.
    Rug sí ortha ó dhuine go duine agus thug sí amach iad ins an gharraidhe ba goire don teach. Rinne sí poll sa talamh agus chuir sí na sé chorp gan cóntra ar bith i n-einfeacht síos sa bpoll, agus chaith sí roinnt créafóg ós a gcionn.
    Cupla seachtmhain i na dhiaidh sin cailleadh í fein chois na teine i na teach féin agus d'fan sí ann gur thuit an teach uirthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní hOibicín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe