Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 115
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí triúr dearbhrathar ann fadó. Amadán ba eadh duine aca.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an dara mach go rachaidh sé fhéin ag cuartú oibre. Casadh an fear céadhna dhó a casaidh dhá dreáthbar eile, agus diarr sé obair Fuair sé obair. Sé an pághaí fuair sé cúig púnt, nuair glaodach an cuach sa gránn sin amuigh agus an céad duine geobhach locht ar an duine eile iad ag baint na gluasa dhá chéile. Bhíodh ar [< air] an Cailleach a tabhairt amach ar maidin agus níor taithnigh sé sin leis. Taínigh an máighistir agus bain sé na cluasa de'n buachaill agus leig sé abhaile é, agus Dubhairt an t-amadán go racfaidh sé féin ag cuartú oibre agus go mbhainfeadh sé sásamh a dreabhrathacha amach. Casaidh an fear céadhna dó agus fuair sé obair uaidh. Bhí ar an Cailleach a tabhairt amach, agus bhí cúig púnt dó nuair a glaodach an cuach sa grann. Tug an buachaill amhach an Cailleach agus leag sé a toin ar neantóigí. Diafhruigh an cailleach di cé an tainim a bhí air. Mé féin dubhairt sé. Cuaidh an Cailleach isteach agus bhí sí caoinigh, Dfiafridh an fear dé ceárd a bhí ortha. Mé féin a doigh mé féin deir sí Más tú arsa an fear ní mórán sgéil tú. Lá ar mbáireach, cuaidh an t-amadán ar an aonach. Bhí muca aige le díol. Bain sé na cluasa agus na driubaille de na muca agus cuir sé síos i bpoll uisge é agus dfág sé cuid aca aníos agus cuir sé na muca abaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Fualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe