Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)

Suíomh:
Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Ó hIarfhlaithe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Caltha
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sgéal.
    Bhí fear ann fadó agus chuir sé faithchíos ar shagart. Cuaidh sé ag faoistean ag an sagart agus d'innis sé an sgéal de'n tshagart. Dubhairt an sagart leis nach bhfuidheac sé aon mhaitheanas uaidh go gcuirfheadh an oiread faithchíos ar agus a cuireadh ar féin. D'imthigh leis an bhfear agus cuaidh sé ag obair. Dubhairt fear an tighe leis go dtuireach sé chúig-púnt dhó dhá bhfannach sé sa teach sin thíos anocht. Dubhairt an fear go bhfannach. Chuir siad teine agus leabaidh sa teach dhó agus thug siad biadh dhó. Nuair a chuaidh sé a chodladh bhí púca ag torn ins an seomra. "Is mór an díthcéille atá ort" adeir an fear nach dtéigheann anuas ag an teine. Is gearr go dhtáinig sé anuas. Ar maidin d'imtigh an púca. San oidhche aríst tháinigh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Donncadh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    30
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe