Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa t-sean aimsir tacadh na Nodlaig, bhiodh na sean-mná ag cruinniú ime le h-agaidh an Earraigh. Uair amhaín, dubhairt fear le na bean an t-im a cruinniú le h-agaidh an Earraigh. Lá amháin bhí an fear ag obair amuigh, agus taínig sean-fear ag an doras go dtí an bean agus d'iarr sé deírce. Tug an bhean an t-im dhó agus d'imthigh sé leis. San oidhche nuair a tháinig an fear abhaile, dubhairt sé le na bhean an t-im a leagann anuas, mar go raibh sé sáthách fada thuas annsin. Tug mé do bruith liath an Earraig é indhiú a deir sí. Bfuail sé i bfad imthighthe a deir an fear. Níl a deir sí. Lean an fear bruith liath an Earraigh, agus bain sé an t-im do.(Críoch)