Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 073
- XML “An Bóthar Díreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an bhliadhain thart agus dubhairt an sagart le bean an tighe gurb bfearr a bhí an gasúr bliain ó shoin nuair tháinig sé chuca ná bhí sé anois i gcionn na bliadhna. Bhí an sagart ag ceapadh nach raibh sé ag tabhairt a dhothain biadh dhó. Chuaidh an bean ag faire agus chuir sí a súil ar pholl an ghlais san áit a raibh sé ag ithe. Sarar a ith sé aon chuidh dhá bhiadh rinne sé dhá leath dhe, agus chuir sé leath go dtí an pictúir. Tháinig sí annsin agus dinnis sí de'n t-sagart é. An bfágar aon chuidh de'n bhiadh fághta ag an bpictúir. Ní fhághaim ar sise A adeir an sagart is mhaith an bhlian atá déanta aige sin. Labhair an pictúir annsin leis an ngasúr. Is iomdha bricfeast agus dinnéar agus suipéar atá tú ag tabhairt domsa le bliadhain agus táim-sé ag tabhairt cuireadh dinnéar dhuithse le h-agaidh na h-oidhche anocht, arsa an pictiúr. Ragha má fhágáim cead ó mo mháigistir. Dimthigh sé ar lorg cead an t-sagairt, Abair léithe arsa an sagart go bfuigir agus fáilte, ach cead dom-sa a bheith in aoinfheacht leath. Chuaidh sé agus dubhairt sé leis an bpictiúr go raibh an cheadh fachta aige o'n na mháighistir, ach é féin a ligint in aonféacht leis. "Abair leis bheith inaoinfheacht leat," arsa an pictiúr" Tháinig an sagart annsin agus dubhairt an sagart annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Congaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe