School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Caltha
- XML Page 039
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad féin agus teac an rí. Dubairt an cat le Seán é féin a chaitheam ins an abhainn le na chuid éadaigh a fhliuchad. Chait sé é féin ins an abhainn agus d'fliuch sé é féin, agus rith an cat cuig an rí agus dubhairt sé gur éirigh miatha dhá mháistir "Thuit sé ins an abhainn ar seisean "agus fliuchadh a chuid éadaigh, agus tháinig mé go bhfuighinn culaidh éadaigh le n-aghaidh nó ní thiochfaidh sé isteach'. Chuir an rí amach an chulaigh a b'fearr a bhí aige cuig Mac Uí Airt. Thug an cat go dtí a mháistir iad. Chuir an Máistir air iad, agus shiubhal sé isteach 'n-a árd-dhuine uasal, agus bhí fáilte mhór ag an rí roimhe, Chaith sé é féin agus an cat, annsin ar feadh seachtmhaine iad féin agus an rí. Súl má raibh an tseachtmhain istigh thuith sé féin agus inghean an rí i ngrádh le chéile. Dubhairt an cat leis an rí go mbeadh bród mór air dhá dtigeadh leis féin agus leis an rí cleamhnas a dhéanamh idir an lánamhan óg. Thosuigh an rí ag gáiridhe agus dubhairt sé gur ag a mháistir a bhí sin le déanamh. D'imthigh an cat go dtí a máistir agus dinnis sé an cás dó. C'én chabhair a bheadh dhomh-sa pósadh a dhéanamh nuair nach mbeadh aon áit agam a dtiubhrainn í, agus b'feidhir go mbainfeadh an rí an ceann díom dá bpósainn a inghean, nuair a d'fheicfeadh sé(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó hÉidhin
- Gender
- Male
- Age
- 27
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe