School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Caltha
- XML Page 038
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an cat chun na dúthaighe agus mharbhuigh sé trí cinn de choiníní. Thug sé leis na trí coiníní go dtí teach an rí, agus dubhairt sé leis an rí gurb trí coiníní a chuir a mháighistír cuige, Céard is ainm don mháistir, arsa an rí leis an gcat. "Mac Uí 'Airt", ar seisean. "Abair le do mháistír go bhfuil mé an-bhuidheach dó, mar gheall ar na coiníní. D'imthigh an cat abaile chuig a mháistir. "Caithfidh mé dul chun na dúthaighe i mbárach go marbhuighidh mé tuilleadh coiníní a bhéarfas mé chuigh an rí." D'imthigh sé an dara lá agus trí cinn de coiníní aige go dtí an rí. Seo trí cinn de coiníní a chuir an mhaistir cugat, a rí, arsa an cat." Abair le do mhaistir" arsa an rí "go bfhuil mé an-bhuidheach dhe, agus abair leis go mbeadh buidheachas mór agam air dhá dtaghach sé seachtmhain ar cuairt chun mo thige," goidé an t-ádhbhar go bhfuil Mac Uí Airt chomh maith dhom, cor ar bith! "Déarfaid mise sin leis agus fáilte", arsa an cat "más tig leis ám a spáráil le teacht ar cuairt," Chuaid an cat go dtí a mháistir, dinnis sé an cás dó, "Ara" cé'n caoi a dtiocfa[dh] liom-sa dhul ar cuairt chuig teach an rí, Ná bac leis, arsa an cat "cuirfidh mise ceart th[ú] D'imthigh sé féin agus a mháistír, agus bí abhainn idir(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó hÉidhin
- Gender
- Male
- Age
- 27
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway