Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 373
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuithe i n-aice an reilig atá ins an áit seo. Tá sé suidhte i gcoill beag, agus tobar Naomh Chaitbert a tugtar air.Deirtear go raibh droch fear ann uair, agus bhí sé ag iarriadh an tobar a dhúnadh le cloch. Dubhairt sé leis na fir a bhí ag obair leis an cloch a caitheadh síos an chnoic i dtreó an dtobair. Dubhairt siad leis nach ceart an cloch a cuir isteach sa tobar. Dubhairt sé "má tá cumhacht ag an dtobar anois ní rachadh sé isteach". Cuir sé an cloch síos an chnuic le fánaidh ach i n-ionaid dul isteach ins an dtobar chuaidh sé suas an cnuic le fáinnc. Bhí faitchíos mór ar an bhfear annsin mar bhí fhios aige gur míorbhail a bhí ann. Nuair a chuaidh sé abhaile an oidhche sin bhí an t-aon mhac amháin a bhí aige marbh.Tá crann i n-aice an tobair agus níor mhaith le aon duine é a ghearradh. Bhí an fear seo ag iarriadh é a leagaint isteach sa tobar. Ní raibh ach aon slis bainte aige nuair a thosuigh an crann ag tabhairt fola go trom. Tháinig faitchíos mór air annsin agus thuit sé marbh ar an bpuinnte.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50