Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 335
- XML “Déanamh Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gnidhimíd maistire sa mbaile le luithne. Cuirimíd splainnc faoí an gcuinneóig nuair a bhímid ghá dhéanamh, ag teasbáint go mbeidh go leór ime ar an mbainne. Tá pisreóg acu dá dtagadh duine isteach agus tú ag déanamh maistreadh mar a mbuailfhidh sé buille air go dtuibhradh seé an t-im leis. Nuair a bhíonn sé déanta bímíd ag cuir na luithne thart timcheall go gcuimmeócaimíd an t-im,
Cuirimíd fíor uisge annsin ar an luithne agus ar clár na cuinneóige go nglanaimíd síos an t-im ar fad. Annsin tógaimíd aníos é agus cuirimíd i mbaisín é agus uisge faoi. Nuair a bhíonn sé ar fad tógta de'n bhainne coinneócaimíd an luithne os cionn an bainne agus abraimíd paidir. Sé an paidir é: in ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh Amen.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe