Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 324
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Laethannta áirithe
Bíonn laethannta na bó riabhaigh ann i dtosach an Aibreáin. Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin ortha mar bhí seanbhó ann fadó agus nuair a bhí an Márta caithte thosaigh sí ag magadh faoi agus ag gabháil a dhá cosa in airde mar shíl sí go raibh sí slánuighthe agus go raibh laethannta breághtha i ndán di. Tháinig na trí chéad lá de Aibreán annsin an-gharbh is go ndeacaidh an bhó lá acu ga bhathadh lá eile gá tarraing agus lá eile ag baint a craiceann dí.
Bíonn lá amadán Aibreán ann ar an gcéal lá de Aibreáin agus bímid ag déanamh amadáin dá chéile ar an lá seo. Seo é an fáth a dtugtar an t-ainm sin air.Bíonn lá chrosta na bliadhna ann i mBealtaine.
Bíonn lá chinn an dá lá déag ann an sémhadh lá de Eanáir. Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin air mar bíonn dá lá déag ann de aimsir an Nodhlag go dtó an sémhadh lá de Eanáir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Doiriú Thuaidh, Co. na Gaillimhe