Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 285
- XML “Daoine a Bádh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Báitheadh Páidín Ó Conaire agus a bhean agus a mhac agus máighistreas sgoile a bhí ar an Túrlac beag. As Rosmuc na daoine seo agus bádhadh Máire Ní Niadh freisin as Innistreamhar. Bhí siad ag dul go Oileán Iarthach na gCaidhin le púcán. Bhí fear eile in aonfheacht leo a b'ainm Pádraig Ó Conaire. Níor bádhadh Pádraig Ó Conaire ar cor ar bith. Rith muinntir Innistreamhar nuair a chonnaic siad iad ghá mbáthadh ag iarraidh bád. Ní ráibh na maide rámha le fághail ceart acu agus coinnigh sin go leór moille ortha. Bádhadh iad rompa acht choinnigh Padraig Ó Conaire greim ar maide rámha go ndeachadh siad go dtí é. Sgála ón gcnoc a tháinig orra agus a cuir síos an bád. Níor fritheadh Páidín Ó Conaire a bhean, a mhac nó an máighistear sgoile ariamh.
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard-doire na gCléireach, Co. na Gaillimhe