Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Fir Reatha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin nuair a bhí fear as Glionn Catha in a chodladh chuala sé na géabha ag déanamh torann. 'Sé an tainm a bhí air Cuimín Ó Mainín. D'eirigh sé in-a léim agus chonnaic sé an sionnach. D'imtigh an sionnach go Chnoch i Daimh agus lean Cuimín é. Bhain sé cúpla casadh as an sionnach annsin. D'imthigh an sionnach annsin go Leic-Aimhreidhe agus lean Cuimín é. Bhain sé cúpla casadh eile as ar an gcnoch sin.
    Bhí an sionnach ag iarraidh a phluaise a fhághail acht lean Cuimín é go Bunscaniff. Nuair a tháinig sé comh fada le garrdha loinnsighe bhí siad ag dul thar an claidhe agus rug sé ar iorball an t-sionnaigh agus tharraing sé é. Chuir sé thar a guailne é agus bhuail sé a smut in aghaidh an claidhe. Leis an torann a rinne sé, dhúisigh sé chuile dhuine i mBunscaniff. Bhí Cuimín ro-tuirseach chun an sionnach a iomchur abhaile acht bhain sé an iorbhall dhó agus thug sé an iorbhall leis. Chaith sé an sionnach annsin le theasbáint gur mharbhuigh sé é. Rinne an fear seo míle is san aistear sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe