School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-

Filter stories

Back
/ 346 Forward
Resolution: Low | High
Fir Reatha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Oidhche amháin nuair a bhí fear as Glionn Catha in a chodladh chuala sé na géabha ag déanamh torann. 'Sé an tainm a bhí air Cuimín Ó Mainín. D'eirigh sé in-a léim agus chonnaic sé an sionnach. D'imtigh an sionnach go Chnoch i Daimh agus lean Cuimín é. Bhain sé cúpla casadh as an sionnach annsin. D'imthigh an sionnach annsin go Leic-Aimhreidhe agus lean Cuimín é. Bhain sé cúpla casadh eile as ar an gcnoch sin.
Bhí an sionnach ag iarraidh a phluaise a fhághail acht lean Cuimín é go Bunscaniff. Nuair a tháinig sé comh fada le garrdha loinnsighe bhí siad ag dul thar an claidhe agus rug sé ar iorball an t-sionnaigh agus tharraing sé é. Chuir sé thar a guailne é agus bhuail sé a smut in aghaidh an claidhe. Leis an torann a rinne sé, dhúisigh sé chuile dhuine i mBunscaniff. Bhí Cuimín ro-tuirseach chun an sionnach a iomchur abhaile acht bhain sé an iorbhall dhó agus thug sé an iorbhall leis. Chaith sé an sionnach annsin le theasbáint gur mharbhuigh sé é. Rinne an fear seo míle is san aistear sin.

Informant
Máirtín Ó Ceallaigh
Gender
male
Address
Maam Cross, Co. Galway
Language
Irish