Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 322
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn laetheannta na bó riabhacha ar an céad trí lá de Aibreáin. Sé an fáth a dtugtar laetheannta na bó riabhaigh orra mar bhí sean bhó ann fadó agus bhí sí indon cainnt a dhéanamh. Nuair abhí an Márta thart thosuigh an sean bhó ag caitheamh a cosaí in áirde agus ag magadh faoí an Mhárt. Shíl sí go mairfheadh sí bliadan eile mar bhí laetheannta breághta indán dí. Chuir an Mhárta trí lá eile dona ann. Lá acu ghá báthadh, lá eile ghá tarrainge agus lá eile ag baint an croiceann dí.
Bíonn lá crosta na bliadhna ann i mBealtaine. Glaodhtar lá amadán Aibreáin ar an chéad lá de'n Aibreáin. Bíonn na daoine fásta agus na páistí ag déanamh amadáin ghá céile an lá sin. Bíonn lá Chinn an dá lá dhéag ar sémhadh lá de Eanair. Tugtar an t-ainm sin air mar bíonn sé dhá lá déag tar éis lá an Nodlag. Is ar an lá sin a chrúinuigheann an Nodlag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Úraid, Co. na Gaillimhe