School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 322
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn laetheannta na bó riabhacha ar an céad trí lá de Aibreáin. Sé an fáth a dtugtar laetheannta na bó riabhaigh orra mar bhí sean bhó ann fadó agus bhí sí indon cainnt a dhéanamh. Nuair abhí an Márta thart thosuigh an sean bhó ag caitheamh a cosaí in áirde agus ag magadh faoí an Mhárt. Shíl sí go mairfheadh sí bliadan eile mar bhí laetheannta breághta indán dí. Chuir an Mhárta trí lá eile dona ann. Lá acu ghá báthadh, lá eile ghá tarrainge agus lá eile ag baint an croiceann dí.
    Bíonn lá crosta na bliadhna ann i mBealtaine.
    Glaodhtar lá amadán Aibreáin ar an chéad lá de'n Aibreáin. Bíonn na daoine fásta agus na páistí ag déanamh amadáin ghá céile an lá sin.
    Bíonn lá Chinn an dá lá dhéag ar sémhadh lá de Eanair. Tugtar an t-ainm sin air mar bíonn sé dhá lá déag tar éis lá an Nodlag. Is ar an lá sin a chrúinuigheann an Nodlag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Niadh
    Gender
    Male
    Address
    Úraid, Co. Galway