Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 307
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo é cuid de na sean-fhocla a bhíodh ag na sean daoine fadó.1) Earrach le riar agus Earrach eile gan aon rud
2) Is trom an rud cearc i bhfad
3) Ma's feall fillfear4) Má cailleadh do mháthair d'fág sí iarraidh do chodach ionnat
5) Do réir do bheatha seadh bh'eas do bhás
6) Da dhonnacht maol is measa mullach
7) Is feárr focal sa gcúirt ná púnt sa sparán
8) Domhnall ar meisge is a bhean ag ól uisge9) Na caith an t-uisge salach amach nó go mbeidh an t-uisge glan istigh10) Tagann cúineas in dhiaidh na stoirme
11) Is fearr sioc na síor-bháistighe
12) An rud is giorra do'n croidhe is é is giorra do'n bhéal
13) Ná caill pinghinin is sabhalochaidh tú púint
14) Is maith an sgéalaidhe an aimsear
15) An té a bhíonn árd ísligheócaidh Dia é
16) Is maith an badóir an fear a bhíonn ar an talamh
17) Is fearr éan in do láimh ná dhá éin ar an gcraobh
18) An rud a sgríobhann an phúca léigheann sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe