Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 262
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal grinn
Uair amháin bhí sean bean in a comhnuidhe in aice le lionán agus bhí bhó tinn aici. Shíl sí go raibh an sagart inaon í a legheas agus chuaidh sí go dtí é. Dubhairt an sagart nach raibh sé inaon acht congbhuigh sí léiche dá radh. Sa deireadh bhéigin dó a dul in aonfheacht léiche. Chuaidh sé tsreach sa stábla agus chuaidh sé thart timcheall an bhó neart uaireannta ag rádh, 'má gheobhfaidh tú bás geobhfaidh tú bás agus má mhairfidh tú mairfidh tú'. Nuair a chuaidh an sagart abhaile tháinig biseach ar an bhó agus cheap an sean-bhean gurb é an sagart a leigheas í. Ní raibh sé i bhfad in a dhiaidh sin nó go tháinig tinneas ar an sagart, meall a tháinig istigh ina bholg agus ní raibh duine ar bith inaon é a leigheas. Dubhairt an tsean-bean go raibh sise inaon é a leigheas. Chuaidh sí go dtí é agus tharraing sí a leabaidh amach i lár an urláir agus cuaid sí thart timpeall ar ag rád, 'Má gheobhaidh tú bás gebhaidh tú bás agus má mhairfidh tú mairfidh tú. Nuair a chuala an sagart í léig sé sagairt mór gáiridhe agus bhris an meall a bhí istigh ann. Tháinig biseach ar an sagart annsin.- Bailitheoir
- Eilís Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe