Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 059
- XML “An Reilig”
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sídheóga isteach agus an chuinneóg nó rud éicint eile a sciobadh leob. Tá scéal ag na daoine i dtaobh daoine eile nár chuir crann Bealtaine suas sa teach.
Uair amáin níor chuir daoine crann Bealtaine suas sa teach. Tháinig na sídheóga san oidhche agus scuab siad leob an chuinneog acht thug siad arais arís í. Cuirtear crann Bealtaine suas i ngach teach ó shoin mar gheall ar sin. - Fathaigh agus Cailleacha.
Ins an mbaile s’againne fadó bhí cailleach in-a cómhnuidhe i dteaichín i n-aice locháin nó puill ar bhruach locha Coirib agus bhí seilbh uirthí ar an mbarúntacht timcheall, agus bhí draoidheacht éigean ag baint léithí. Ní rachadh éinne ag obair di mar chuirfeadh sí fá dhraoidheacht iad.
Chaoi ar bith phós sí fear a bhí beagnach chomh gránda léithí féin ach bhí searbhóntaí aige sin agus cineáil fathaigh a bhí ann. Do bheir sé ar each uisce uair agus seo é an chaoi gur bheir sé air. Chuir sé láir dá chuid féin i n-aice na locha san oidhche agus nuair a chonnaic sé an láir i meadhon oidhche tháinig sé ar an talamh tirim ‘na h-aice. Annsin bheir an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe