Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fathach air agus chuir béalbhach óir air.
    Ar a bhealach abhaile chuir sé cruighte ór ar an each uisge ionnus nach raibh a léithéid le fágháil ar fud an domhain mhóir. Chuir sé go dtí an Fhrainnc, do’n Spáin agus do’n Rúis féin é. Ghnóthaigh sé rástaí i ngach áit.
    Lá amháin, chaoi ar bith, bhain ceann dá searbhóntaigh na cruighte de agus bhain sé féin an béalbhach de agus thug sé aon mhór. Léim gur mharbhuigh sé an fathach agus an giolla ar an bpuinnte agus amach leis ins an loch agus amach leis chomh fada agus ar b’fhéidir leis agus ní bhfuair éinne táisg nó tuairisg air ariamh ó shoin.
    Ach maidir leis an gcailligh nuair a fuair a fear bás chuaidh sí síos i bpoll mór uisce agus d’fhág sí a spré in-a diaidh agus tugtar Poll a Mhaimín air ó shoin.
    Bhí fathach eile ann agus’sé an chaoi go raibh sé i gcómhnuidhe ag fuadach. Lá amháin, chaoi ar bith, bhí an fathach istigh agus tháinig fear isteach agus arsa an fathach leis an bhfear “Tá mé indon an t-órd seo a chaitheadh níos fuide ná thusa.” “Tá go maith” arsa an fear. Thóg an fathach órd mór amach agus bhí an t-órd chomh mór sin gur ar éigean a bhí an fathach féin indon é a iompar ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Innéacs seanscéalta
    AT1062: Throwing the Stone
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Maidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe