Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí sean-fhear ann fadó ar a dtugadh Páidín Ruadh air. Theigheadh sé ar cuairt chuile oidche ag teacht tailluira.”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Tá mé féin sáthach
Agus tá mo bhean sáthach
Agus duine gan náire nach mbeadh sáthach"
D'imthigh Páidín abhaile annsin agus nuair a chas Mánus air d'fiafruigh sé dhó an bfuar sé greim ar bith le n-ithe agus d'innis sé a sgéal dhó. D'fiafruigh sé dhó a leigfeadh sé in-éindigh leis é an céad oidhche eile agus dubhairt sé go raibh sé sásta.
"Ní lá dhá fhad nach dtagann an trathnóna". Bhí an sgéal sochruighte ag an mbeirt. D'imthigheadar go shroicheadar an teach. Rinneadh an cleas céadhna. Bhí sé ag éirigh deireannach san oidhche agus sheas Manus suas agus bhreathnuigh sé amach sa doras dubhairt sé leis an bhfear eile nach gcorróchadh einne as an dteach a leitheide d'oidhche agus shuidh sé síos in-aiche na teineadh dubhairt sé go bhfanfadh sé go maidin sa gcluid agus d'fan!
Chuaidh an tailliúr agus a bhean a chodhlag agus nuair a bhíodar tamall i na gcodhlag d'eirigh bean an tailliúra agus chuir sí síos cáca sa luath ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe