Scoil: Sliabh na Cille (uimhir rolla 14513)
- Suíomh:
- Sliabh na Cille, Co. Liatroma
- Múinteoir: Peadar Mac Fhlannchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh na Cille
- XML Leathanach 201
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce ¶ Ó d'imigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach”
Fuaireas an píosa seo leanas ó shean- fhear darbh ainm Proinnsias MacFhlannchadha a bhí 'na chomhnuidhe i mbaile talmhan Sréách na Fearna, i bparóiste Baile na gCléireach, Co. Liathdroma. Lá Fhéile Peadair is Póil, 1928, do sgríobhas síos uaidh é. Ní raibh mórán Gaedhilge aige ach chuala sé an t-amhrán seo dá rádh ag na sean-daoine. Dob fhéidir leis féin é do chasadh go binn. Ní raibh a fhios aige cé chum é. Fuair sé bás go luath 'na dhiaidh sin. Sílim go raibh sé timcheall le 75 bliadhain d'aois nuair d'éag sé.
" Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailceÓ d'imthigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach;'Sí ba deise cos, leaca 'gus 'eadanIs le n-a dhá láimh gheala do scaipfeadh sí an saoghalAgus ochón ó.
Agus Eachdhruim Mór is tú atá buaidhearthaNí iongnadh liom duit ó d'éag Eoghan Early,Ní ghoirfidh an chuach is ní labhóchraidh an traona,Is tá an bradán bán ag fagháil bháis le buaidhreadhAgus ochón ó.
Agus Eoghan ó Mochóirghe bheirim fhéin a' sway dhuit,Is ar do theaghlahc gheobhfaidh an pléisiúr,Bhí fíon i n-a thuile agus punch dhá léir sinAgus tá pléidhe seamra (?) ag Clann na nGaedhealAgus ochón ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Fhlannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Gréach na Fearna, Co. Liatroma