School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-athar". Chuir siad iad féin i gcóir le dul ag teach athar na mná. Bhí siad ag imtheacht ag an trí chlog san lá. Dubhairt an bean "beidh muid deirneach anois mar tá píosa maith le dul againn. D'fiafruigh Tomás dhí cá raibh a h-athar ina chómhnuidhe. "Tá sé ina chómnuidhe i gCúige laighean" ar sise. Bhí siad ag imtheacht leo ar a bhealach go raibh sé i bhfad amach san oidhche. Ar capaill a bhíodar. Stad an capall i lár an bhótair mar tháinig plód mór daoine rimpe. Bhí Tomás ag bualadh an chapaill gur mharbhuigh sé í. Nuair a bhí sin déanta aige chuir sé a pháiste ar a gualainn agus dubhairt sé "Goirm fhéin is coirsigheann tú mé féin agus mo bhean agus mo pháiste". D'imthigh leis go dtáinig sé go teach Rí laighneach. "Céard a dhéanfeas muid anois?" arsan bean "Marthochaidh m'athair muid mar ní bheidh fhios aige cé bhéadh ag tigheacht an tráth seo d'oidhche. Is fearr dhúinn fanacht go maidin in ait eicínt thart annseo. "Ní marbhóchaidh sé" arsa Tomás "tar uait isteach. Tháinig Tomás ag an doras agus bhuail crag air. D'eirigh an cailín agus d'odgail sí an doras. Chuaidh isteach i seomra an rígh agus dubhairt sí leis nach bhfaca sí aon bean ariamh ba breághtha is bhí ag an doras agus an páiste mar an gceadna. Tá siad ag iarraidh didéan go maidin ar sise. "Leig isteach san gcistin go maidin iad" ars an rígh. D'eirigh sé fein go bhfeicfeach sé an bean bhreágh. Chonnaic sé í agus ar an bpoinnte dubhairt sé leis a bhean go raibh an cos amhlacht aice le an h-ingean féin . "Cé'n saghas(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Bríghid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe