School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé ar marcaíocht go raibh dearbh ar an capall é. Rinne an capall trian san aer, agus trian san spéir agus trian san gealach agus thainig sí ar na bonnacaibh ar an dtalún. "Déanfadh tú an gnó" arsa an bhean.
D'imigh an capall agus é ag marcaíocht uirthi. Bhí sí sa feirg glinnte, ag dul thar cnoic agus gleannta go mba túisce a bhéarfadh sí ar an ngaoith a bhí 'na dhiaidh uirthi.
Bhí deireadh an lae ag tíocht nuair chonaic sé an solas i ngar dhó is ní i bhfad uaidh. Ba gearr go dtáinig sé go teach an fhathaigh. Bhailigh sé isteach thar na madraí, ach níor lig siad sin duine thart isteach ariamh ach é féin. Bhuail sé ag an doras, d'éirigh an fathach anuas a raibh dá cloigheann air. " Fú fá féasóg, faghaim boladh an Eireannach bhrocach shalach" arsa an fathach. Níl fhios agam céard a déanfas mé leat. Is mór liom de greim. Is beag lion de dhá ghreim thú. "Níl fhios agam céard a déanfas mé leat mar a cuiread mé ag dúnadh mo bhróga thú, nó go séideog sa domhan thoir".
Bhuail sé ceann de na cácaí faoin tsrón air. Fuair sé boladh blogam bainne cích a dhreifiúra. Goirim féin is coirsím thú a alta mhic mo dheirfiúra mar granna an fallantais a bhí agam duit. Thug sé isteach é, chíor sé a cheann, ní sé a chosa, thug sé blas gach bidh ar bhéal gach baisin dó agus blas gach meala ar bhéal gach chupán.Bhí trian le Fiannaíocht, trian le scéalaíocht,(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Brighid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe