Scoil: Pollréamoinn (Buachaillí)

Suíomh:
Poll Réamainn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0014, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0014, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Pollréamoinn (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Seanfhocla a Fuair mé sa Cheantar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    15) Má is measa maol is measa mullach.
    16) Ní féasta go rósta is ní céasadh go pósadh.
    17) Ní féidir bheith ag ithe mine agus ag feadaighil.
    18) Imtheochaidh an bhréagh is fanfaidh an fhírinne.
    19) Éist le fuaim na h-abhann is gheobhaidh tú breac.
    20) Is fearr an t-ádh ná eirighe go moch.
    21) Is iomdha lá i mbliadhain is fiche.
    22) Mheallfadh sé an chéirseach de'n chraoibh.
    23) Is fearr duit éan i do láimh ná dhá éan ar an gcraoibh.
    24) Is fearr i n-am ná in am-tráth.
    25) Más camaidreach an ród sí an tslighe mór an t-aithghiorra.
    26) Más fada an lá tagann an oidhche.
    27) Túisge deoch ná sgéal.
    28) Níl "téiste" na madadh agat mar a dubhairt an bhean nuair a chuimil sí iorball an chait ar an bpláta.
    29) "Nóthsion" ard mar adubhairt an fear nuair a chuaidh an banbh suas ar a'mbac.
    30) Ar mhaithe leis fhéin gabhann an cat crónán.
    31) Nuair a bhíonn beirt ag argóint deireann duine aca "Dheamhan é (?) an rúd a bhíonn an duine eile a (?) go dtí soir siar agus sac salainn air."
    32) Glacann foighid fortún.
    33) Rud a sgríobhann an púca léigheann sé fhéin é.

    Fuair mé na sean-fhocla o
    Séan De Búrca,
    Aois 78 bliadhain
    Cluan Mhich Carthaigh,
    Baile Liaim
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán De Búrca
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cluain Moghára, Co. na Gaillimhe