School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 421
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Le linn an droch-shaoghail sa mbliain 1845 cailleadh go leor daoine in mo cheanntar. Tá go leor díobh curtha sna sléibhte agus sna garrantaí. Is iomdha áit in mo cheanntar a bhfuil daoine curtha ann. Tá áit i Ruisín na Manach a dtugtar an 'Caorán air. Áit mhór is eadh é. Faoi sin tá daoine curtha a cailleadh ins an droch-shaoghal. Fadó na daoine a bhfuigheadh bás ní chuirtí i Roilig ar bith iad ach corr-dhuine. Is amhlaidh a chuirtí connradh ortha agus iad a chur sna garrantaí agus amanta eile ní chuirtí connradh ar bith ortha mar gheall is nach raibh luach na gclár ag na daoine. Is leis an droch-shaoghal a cailleadh na daoine.
Nuair a loit na fataí ní raibh aon bhaidh aca le n-ithe agus ní raibh siad indan an plúr a cheannach.
Bhí bliain eile ann ar a dtugtar 'Nineteen an tae dubh'. Sé an fáth a dtugtar an bhliain sin air mar ní raibh aon bhainne ag na beithidhigh nuair nach raibh an féar ann. Chaitheadh na daoine tae dubh a ól agus ó shoin amach tugtar 'Nineteen an tae dubh' air. In ionad an bhainne chuireadh na daoine min-choirce tríd an tae. An min-choirce a bhruith agus annsin é chur tríd an tae. Nuair a bhí na fataí ag fás tháinig an dubh ortha agus nuair a bhíodh siad ins na poill lobhadh siad. Bhíodh na daoine ag iarraidh fataí a choinneáil le h-aghaidh an chéad bhliain eile agus b'éigin dóibh iad a chur isteach sna tighthe. Nuair a theip ar na fataí b'éigin do mhuinntir na h-áite imtheacht go h-áiteacha eile.- Collector
- Bairbre Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe