Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0343 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanrannta

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0321

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Brochán ó aréir é,
Is mairg nár téigheadh é
Ní thiubharfadh an fiach dubh dá é
Dá dtugadh ní mba leis féin é.


'A Dhomhnaill Uí Chonaill a dtuigeann tú Gaedhilge?
Tuigim a chailín nó céard sin is léar duit?
Bain an smál den choinneall is cuir thart má fhéadair
Tá nimh ar do chupán a mharbhóchadh na céadta.
Má's fíor sin a chailín is maith í do spréidh-sa.'

Ceathar cailleach gan a bheith manntach,
Ceathar Franncach gan a bheith buidhe,
Ceathar gréasaidhe gan a bheith bréagach,
Sin dá-réag nach bhfuighfeá i dtír.

Bean a' feadhgail 'gus cearc a blaodhach
Sin dhá nídh nar orduigh Críost.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge