Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
  2. XML Leathanach 0334
  3. XML “Frainc Connghaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I
    Tráthnóna deireannach Diardhaom is é a' báisteach
    Seadh cosadh tíghe Sheáin mé, is shuidh mé síos,
    Seadh dhearc mé an ainnir sa gclúid taobh thall díom.
    Is ba deas é a gaire is a leagan sul.
    Bhí a gruadh níos deirge ná na crainnte Caorthann
    Is ba gile a Snód ná an eala Bhán,
    Nuair a chuaidh mé 'um seanacais go cé dhár díobh í,
    Ba le Frannc Cinnghaile mo Nóra Bhán.
    II
    Sé mo bharamhail g bhfuil sí tóigthe.
    Mar fuair sí eolas ar leabhar is ar phéann
    Bhí máighistir scoile aca sa teach i gcomhnaidhe
    Is bhí neart de'n ór buidhe go fairsing ann.
    Is cóir an teach é tíghe Frannc Connghaile,
    Adeir na daoine a bhíonns a' tarraingt ann.
    Tá fuisge go fairsing ann, is "punch" sá roinnt ann.
    Is beadh gan cúnntas ag fear le fághail.
    III
    Nach mór an sgéal é ar Thamhnach Sleibhe
    Nach mbéadh sí gléasta leis an Síoda Bán
    Nuair a sgallann's an ghrian ar maidin gach taobh di,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Céide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Aduaidh, Co. na Gaillimhe