Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Bhí mé lá breágh áluinn a'dul an ród seo aniar.
Seadh dhearc mé cailiú áluinn a' bleaghán na bó cois claidhe,
Thug mé searc is grádh dhi leis an rós a bhí ar a haghaidh,
Nach truagh gan mé is tú pósta a chailiú deas óg mo chroidhe.
II
Is fada an tam go fóill é, a stóirín, mar deir sí.
Casadh i dteach an óil muid, is is dóigh gur shuidh muid síos,
Bhí fíon is "punch" dá roinnt ann
Acht orm a tháinic íoc,
Acht d'imthigh mé síos an bóithrín.
Agus an raicín áluinn in mo phóca thíos.
III
Nach brónach an bhean go lá mé.
A stóirín mar deir sí.
Ní dhéanfadh mé súgradh ná gáirí
Nó go dtigidh mé an ród seo arís,
Tá gruag mo chínn na dualaibh,
Gan aon cheó a d'fháisgfeadh í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Céide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Aduaidh, Co. na Gaillimhe