Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
  2. XML Leathanach 0320
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    de'n chlaidhe, ní bhaineann an meig atá ar an taobh isthigh de'n chlaidhe, leis an meig atá ar an taobh amuigh de'n chlaidhe. = neantóg.
    Tá teachín beag annsiúd thuas agam, lán de dhaoine uaisle, biríní beaga agus ribíní uaithne.
    = líon.
    Bhí sé ag siubhal na talmhan fadó, is bhí fuil, is feóil, is fiannach air, tá sé a' siubhal na talmhan anois, is níl fuil, ná feóil, na fiannach air.
    = leathar.
    Capall bán is a tóin le áill, is í a gearradh gránn go te. = bró.
    Chuaidh mé amach idir dhá chlár agus tháinig mé isteach idir dá uisge.
    = dhá bhuicéad uisge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge