Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Leathanach 0319
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é, nó sgaoil thart é.
= Na Flathais.
Cad iad na trí nidhthe nach féidir a tuigsint.
= inntlidheacht na mban, obair na mbeach, agus teacht agus imtheacht na dtaoillí.
Cé méid gob a bhuaileann an chearc ar an talamh go mbéidh a sáith ithte aici.
= aon ghob amháin.
Cia'n taobh de'n chúpán a bhfuil an láimh air.
= taobh amuigh.
Siúd é ar m'aghaidh é, is pus air. = an chroch.
Is cruinne é ná do cheánn, agus is fuide é ná na mílte cránn.
= cirtlín snáth.
Bréidín buidhe ar thaobh an tíghe is ní tig liom a shníomh ná a réidhteach.
= an ghrian.
Tá teachín beag annsin thiar agam, agus comhnuigheann na céadhta ann, is ní bheadh slíghe do mo chuid éadaigh ánn. = teachín siogáin.
Duibhín ó Duibh, thar fairrge anoir, ag innseacht sgéil gan féith, gan fuil. = leitir.Chuir mé slat aréir, is bhí sí chom h-árd leis an aer indiú.
= deatach.
Meig, meig, taobh istigh de'n chlaidhe, meig, meig taobh amuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)