School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0320
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de'n chlaidhe, ní bhaineann an meig atá ar an taobh isthigh de'n chlaidhe, leis an meig atá ar an taobh amuigh de'n chlaidhe. = neantóg.
Tá teachín beag annsiúd thuas agam, lán de dhaoine uaisle, biríní beaga agus ribíní uaithne.
= líon.
Bhí sé ag siubhal na talmhan fadó, is bhí fuil, is feóil, is fiannach air, tá sé a' siubhal na talmhan anois, is níl fuil, ná feóil, na fiannach air.
= leathar.
Capall bán is a tóin le áill, is í a gearradh gránn go te. = bró.
Chuaidh mé amach idir dhá chlár agus tháinig mé isteach idir dá uisge.
= dhá bhuicéad uisge.