Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0255
  3. XML “Ridire na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do thogha an fear an ceann sin.
    "Tá do mhac gnóthuighthe agat" ar san Ridire.
    Chaith siad an oidhche sin le chéile agus d'imthigh an sean-fear agus a mhac lá ar na bhárach.
    Nuair a bhí siad ag dul abhaile annsin tháinig siad go baile mór agus bhí aonach ann agus nuair a bhíodar ag dul go dtí an t-aonach d'iarr an mac ar a athair rópa a cheannacht agus adhastar dho dhéanamh dhó.
    "Déanfaidh mise stail dhíom fhéin" adeir sé "agus díolfaidh tú mé ar an aonach seo.
    "Tiochfaidh Ridire na gCleas chugad ar an aonach. Tá sé dhá leanamhaint anois agus ceanneóchaidh sé mise uait. Nuair a bhéas tú do'mo dhíol ná tabhair an t-adhastar acht congbhuigh agat féin é agus is féidir liom-sa teacht ar ais chugad arís, acht coinghbuigh an t-adhastar."
    Rinne an mac stail dhó féin annsin agus fuair an t-athair adhastar agus chuir sé air é.
    Tharraing sé suas annsin ar an aonach é agus ba gheárr a bhí sé 'na sheasamh annsin nuair a tháinig Ridire na gCleas chuige agus d'iarr sé air cé an mhéid a bhí sé ag iarraidh ar an stail. "Trí chéad punt" adeir an feilméar.
    "Tiúbharfad mise sin dhuit," adeir Ridire na gCleas.
    Thiubhradh sé rud ar bith dhó ag súil go bhfuigheadh sé an mac ar ais mar bhí a fhios aige go maith gurab é an mac a rinne stail dhe fhéin.
    D'imthigh an Ridire annsin agus an stail aige agus d'imthigh an feilméar ar a bhealach féin ag dul abhaile.
    Acht ní raibh sé acht amuigh as an aonach nuair a tháinig an mac suas leis arís.
    "A athair," adeir sé, "tá mé agat indiú" acht tá aonach ina leithéid seo d'áit ambárach agus rachamaoid ann."
    Ar maidin nuair a bhíodar ag dul isteach ins an aonach eile dubhairt an mac "déanfaidh mé stail dhíom féin agus tiocfaidh Ridire na gCleas arís do mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe