Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Na Blácaigh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá go leór seanchus ag na sean daoine faoí na Blácaigh a bhí san g Claisleán. Bhí sguaidirín maith acú ánn. Deirtear gur as Cúige Uladh a tháinig a mbunughadh. Séamus a' Bláca dob' ainm don sean-blácach agus bhí sé pósta agus bhí triúr mac aige Ártúr, Ristéard, agus Henry. Bhí clánn inghean aige freisin deirtear acht bhí siad an-lághach.
Bhí teach mór tóighte ag na Blácaigh agus sgioból go leór freisin acú. Bhí siad ag déanamh geurleamhaint ar na daoine. Bíodh na daoine thart ag obair acú agus sé'n tiócaidheacht a gheodhfadh siad uatha buille mara mbeadh go leór oibre déanta acú tar éis an lae. Rinne siad sgonnsaí móra árda agus fallaí dóib freisin agus dearnadh iad chomh láidir agus go bhfuil siad 'na seasamh fós. Tá an teach agus an chuid eile beagnach de na sgiobóil na seasamh fós. Bhíodh na daoine ag obair acú laetheannta brothallacha san b Fóghmhar agus bhíodh míoltóga ánn, dá dtosuigheadh aoinne ag cur a lámh ar a chloigeann dhá sgríobadh fhéin thiúbhradh Ártúr leis iad agus chaitheadh sé síos i bpoll an mhianaigh iad ag reithe mór drochúinte agus bhainfí dhíobh a gcuid éadaigh agus d fhágfaí annsin iad go mbeadh siad leath mharbh aige. Dhá mbheadh caora,

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síghle Ní Chonghaile
Inscne
baineann
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Conghaile
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge