Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0213
  3. XML “Na Blácaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Blácaigh
    Micheál Ó Diolláin do chuir síos
    A athair a d'inis dó
    Bhí na Blácaigh ina gcónaí sa gCaisleán. Bhí teampall protastúnach ag ministéara ann. Sé an sórt comaoineach a thugtaí dóibh ná píosa bhuilín agus braon bainne. Ba dhrochthiarnaí a bhí iontu. Bhí na daoine bochta faoina gcosa acu. Dá bhfaighidís beithíoch maith ag duine ghoidfidís uaidh é.
    Bhíodh na daoine bochta ag obair acu gan pingin gan leithphingin gan béile ná tada. Mura ndéanfaidís an rud a déarfaidís leo thabharfadh siad lascadh maith dóibh. Duine ar bith nach n-íocfadh an cíos chaithidís amach as an teach é agus chaitheadh sé imeacht leis. Duine ar bith a n-iarradaís ualach fataí air chaithfeadh sé é a thabhairt dóibh. Bhíodh fear acu ag imeacht thart ar na bailte ag fógairt cíosa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Diolláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Diolláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe