Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0149
  3. XML “Daoine Cáiliúla agus Eachtraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Choilm Labhráis agus tá sgealta breághtha aige faoi na Fianna. Tá fear eile ann agus sé an t'ainm atá air Cóil Pháid agus sheasfhá sa sneachta ag éisteacht leis. Tá sgéalta an-bhréagh aige faoi na daoine a mhair in Éirinn fadó, Tá fear eile ann, Maidhc Mhicil Bheartla tá go leór sgéalta agus páidreacha breághtha aige.
    Tá sgéal aige i dtaobh Mada Bán na n-Ocht g-Cos agus faoi shean áiteacha a bhí in Éirinn fadó.
    Sé Tomás O Coisdealbha an fear is fearr thart san áit seo ag snámh lá amháin dhá raibh sé fhéin agus cúpla fear eile ag baint fheamaine i gcurrachaí do tharraing siad na currachaí suas san gcéibh agus chuaidh siad abhaile chuig a ndinnéar. Nuair a tháinig siad ar ais bhí an téad abhí ag ceangailt ceann go na currachaí briste agus bhí an churrach ruaigthe amach ar an tráigh. Bhí siad i gcruadhchás ní raibh fhios aca céard a b'fhearr dhóibh a dhéanamh. Ní raibh sé de mhisneach ag na fir eile a dul amach. Ach gidh go mba sean-fhear Tom do bhain sé dhó a chuid éadaigh agus chuaidh sé amach agus deirim-se leat gur gearr a thóig sé air a dhul suas leis an gcurrach rug sé ar an rópa a bhí ar cheann an churraigh agus tharraing sé isteach in a dhiaidh sa snámh í, Do rinne sé go leór gaiscí eile mar sin freisin.
    Sé Pádhraigh Ó Conghaile an rámhóir is fearr thart san áit seo. Lá amháin dhá raibh sé amuigh leis fhéin ag iasgach ina churrac do rug rón ar an mbaoite a bhí ar an dubhán aige nuair a chuaidh an dubhán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhágharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fáthartaigh
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe