Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

"Céard a thug ó chodladh tú a mháthair"?
"Tusa do do cheangailt ar philéar cloiche,
Go raibh do chuid fola breagh beannuighthe,
Ag sgubadh leat go talamh."
"Is fior sin a Mháthair
Te déarfhas d'aisling trí h-uaire ag luige agus ag eirighe dó ní baoghal: do geataí Ifinn fhiceál go deó."

Luigh ar do thaobh deas
Codail ar do thaobh chlí
Trocáire ó mhuire
Agus grásta ó'n spiorad naomh

Abair do phaidir más áin leat í.
Is Phaidir í nach dtiocfaidh ar gcúl
Níl aon nidh a bhfuighe ann smál
Caiseal árd Rí na nDúl.
'Sí dreimre Phárrthais an Phaidir seo....
Urnaighe trosgadh agus déirce.
Aithrighe ghéar agus dóchas maith
Sin é an teasgasg a thug mac Dé.
Dá mhuinntir fhéin sa bhfoghmhar tais.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Nóra Ní Ghabhnáin
Inscne
baineann
Aois
74
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge