Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0103
  3. XML “An Phaidir Gheal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Go mbeannaí Dia duit a phaidir gheal
    Go mbeannaí Dia duit féin
    Cár chodail tú aréir
    Mar a chodail Mac Dé
    Cá gcodlóidh tú san oíche anocht
    Mar chodail na boicht
    Cá gcodlóidh tú san oíche amárach
    Mar chodail Dia agus Naomh Pádraic
    Cé hiad sin romhat?
    Tá na haingle
    Céard sin i do dhiaidh?
    Tá na hAspail
    Céard sin ar do láimh chlé?
    Corp Chríost
    Céard sin ar do lámh dheas?
    Naoi ndeor d’uisce an Domhnaigh.
    Cuir Muire liom ag déanamh an eolais
    Ar na fóid, ar na boicht
    Eochair Phárthais atá mé a iarraidh
    Tá sí sa dabhach sin thall
    A bhfuil an choinneal gheal ina lár
    Muire is a mac
    Brighid is a brat
    Micheál is a sciath
    Do dhá láimh gheala, a Dhia
    Ag cumhdach m’anam ó anocht go dtí bliain ó anocht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhatharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Colm Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe