Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0172
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I. Núair a bheadh na beithidhigh ag fagháil báis ort, gheobhaidhe dhá chois tosuigh dé bheithidheach marbh agus cuirfidhe súas ar taobh an iad.
ii. Ar Oidhche Shamhna cuirfidhe builín nó uibheacha i bpáirc in a mbeadh bárraí curtha agus deirfidhe nach mbeadh aon mhaith ins na bárraí sin.
iii. Núair a bheadh maistreadh ghá dhéanamh ní leigfidhe duine amach tar éis a phíopa a lasadh gan cuidiú leis an maistreadh a dhéanamh ar dtús.
iv. Dá mbeithfeá in do chéad duine ag cur amach an deatach 'san mbaile ar lá bealtaine, bheadh an mí-adh ort ar feadh blíana.
v. Dá mbeadh bainne gá thabaire do dhuine cuirfidhe cúpla braoiníd uisce ar bhárr an bhuidhéil ar eagla go dtógfaidhe an t-adh ó'n dteach.
vi.Tiubhrfaidhe isteach an capall agus iompóchaidhe e sa chistin agus tiubhrfaidhe amach arí é ar lá bealtaine.
vii. Ag athrú na mbeithidheach ó pháirc amháin go páirc eile ar lá bealtaine.
viii. Dá mbeithfé ag cur le teach, ní cuirfidhe chuig an taobh thíar é, nó beadh an mí-adh ort.
ix. Da dtógtaí an t-im ó aoinne tré phisreóg ar bith agus dá líonadh siesean, dha bhuidéil le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Iarla, Co. na Gaillimhe