Tháinic láir is searrach draoidheacta aníos as Loch Riách agus amach ar an mbán leo (Páirc Uí Fhloinn anois).Rugadh ar an searrach le fear dárbh ainm Mag Uidhir. I dtaidhreamh cuireadh in iúl dó go mbéadh an t-adh air dá gcoinnigheadh sé an searrach sa ndorchadas ar feadh seacht mblían - agus go bhféadfadh sé rása ar bith ghnóchtáil. Ba bheag nach ndearna sé sin ach thárla go rabh na rásaí Chnoc Barrúin ann. Lá amháin sul a raibh an searrach seacht mblíana istigh aige thug sé leis é ’un na rásaí ach ní dhearna seisean ach trí bhocléim a thabhairt ó Páirc na rásaí go dtí go rabh sé istigh dá loch arís, agus ní fhacthas ní ba mhó é. Leag sé rian a choise ar an dá cloich dá dtáinig sé anuas orra.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
Tionóint a caitheadh amach ac tamaillín indhíaidh sin rinne sí socrú leis an Tighearna Talmhan agus cuireadh isteach arís in a bhothán í. Bhí bó agus laogh aicí ach bhí an laogh a deóladh na bó agus d'iarr sí ar an tighearna paiste beag do'n laogh a tabhairt dí - rud a rinne sé, agus litir chun taisbeáint do'n mhaor go rabh sin amhlaidh. Níor stop Nóra go dtí go rabh sgonnsa breagh mór árd thart fá'n estát, Páirc an Íarla. Tugtar Garrdha Nóra go dtí an lá atá indiu ann, air.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »