Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0285
- XML “Loch Bhéal Bharr Sraith”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ag déanamh stáisiúin i gcomharsanacht an locha agus chonnaic sé bodach Protastúnaigh ag iasgaireacht ann, agus bhí cnap mór d'iasg gabhtha aige agus diarr sé ceann dá dhinnéar. Nidh nach bhfuair agus mhallachtaigh sé an loch agus gach a rabh ann, agus ó soin níl smidín d'iasg le fághail ann.
(gan teideal)
“Ar na cnuic céadna tá sórt suidheacháin ann...”
Ar na cnuic céadna tá sórt suidheacháin ann ar a dtugtar "Cathaoir an Iarla" air agus seo an sgéal atá ag baint leis go rabh cóir suidhe déanta do dhuijne de mhuinntir Cloinne Riocaird ar bhárr Túir ionnus go bhféadfadh sé limistéar mór fairsing a taisbeánt dá cháirde agus go mbeadh a chuid namhaid ag tnúth leis agus gan amras is breagh an radharc atá le feiceáil ó'n áit, siar go cathair na Gaillimhe nó ódheas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann