School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0198
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá m'athair i n-ann bróga a dheasughadh. Bíonn meannaithe, casúr, ceap, leathar, ruadhóg, pinnsiúr, ganndal agus tairgní aige. Ceannuightear na bróga ins na siopaí anois. Bíonn cuid de na bróga agus bionn buinn adhmad ortha. Tugtar "clags" ortha.
Bhí fear ag dul thart lá amháin agus bhí péidhre bhróg nuadh aige agus d'fhiafruigh fear eil dhe céard a chosain na bróga agus dubhairt an fear leis fur cosain siad a chosain siad a chosa ó'n talamh.- Collector
- Micheál Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Tamall ó shoin nuair a bhíodh daoine ag dul go Gaillimh bhíodh a mbróga dá n-iomchur a ngualnibh aca nó go dtéighidís chomh fada leis an gcnocán sin Bos le h-éadan. Cuireadh siad ortha annsin iad agus caithidís i nGaillimh iad agus nuair a bhíodh siad ag teacht abhaile tráthnóna, bainidís díobh san áit chéadna iad agus shiubhailidís abhaile cos-nochtuighthe. Tá, ar a laighead, sean-bhean amháin atá timcheall trí scór a dhéanas fós é. Seo sgéal faoi dhuine aca: bhí fear an uair amháin agus chuaidh sé go Gaillimh le péidhre bróg nuadh a cheannacht. Cheannuigh sé péidhre maith bróg. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhain sé na bróga dhe mar go raibh faitchíos air go gcuirfeadh(continues on next page)